Conas ar féidir liom áirithint a dhéanamh?
Is féidir cathaoireacha a chur in áirithint ar fhormhór na dtraenacha Idirchathracha:
- Ar líne ag http://www.irishrail.ie/ - féach ar an treoir céim ar chéim maidir le ceannach ar líne
- Leis an Ionad Teagmhála do Chustaiméirí (0)1 836 6222
- Ag Stáisiúin Idirchathracha áirithe
- Tá ticéid ar fáil chomh maith ó Ghníomhairí Taistil áirithe
Molann Iarnród Éireann do chustaiméirí ticéid a cheannach roimh ré chun scuainí a laghdú ag na buaicamanna.